spk1

Agus tuilleadh seanchas ó Thír Chonaill

fá Naomh Pádraig

agus Lá Fhéile Pádraig

ó Sheán Ó hEochaidh,

ón bhliain 1950,

agus ár seanchara,

Prionsias Ó Conluain

á thaifead fosta.

spk2

Is iontach an scéal é gur fíor bheagán seanchais atá i dTír Chonaill

ag baint le

Naomh Pádraig

anois tá an Chondae lán de ag baint le seanchas fá Cholm Cille

ach mar sin féin an fíor bheagán atá ann

taispeánann sé an urraim a bhí ag na daoine ansin do,

fiú d'ainm Naomh Pádraig.

Thiar againn féin i nGleann Colm Cille tá seanfhocal ina deir

gur bheannaigh

Pádraig Éire uilig ach an Ghleann

agus deirtear go deireadh sé tairngreacht go raibh fear i bhfad níos óige ná é féin

le theacht

eh

a bheannachadh an gleann

agus a dhíbreochadh na deamhain

a dhíbir sé féin as Cruach_an_Eagla roimhe sin,

a dhíbreachadh amach san fharraige iad ag <Ceann_Uillinne> [?]

mar sin féin fosta [tá] tá

cuid mhór áiteacha ainmnithe as Naomh Pádraig, cur i gcás, i baile sa Chill Chartha

tá tobar

Pádraig ann, sílim gur eh

i Bhaile an Chaisil atá sé taobh thiar de Chill Chartha ag cois eh

eh ag taobh Chuain xxx

agus eh

i Sliabh Liag tá dhá áit ann déarfainn atá ainmnithe ina dhiaidh

Tá Éadán_Cruaiche_Pádraig agus áit eile a bhfuil Teabhar air.

Eh bhí an-urraim

ag eh iascairí agus ag lucht farraige

eh Theillinn i gcónaí [de] de Naomh Pádraig.

Chuala mé scéal ag an tseanmhuintir tá sé sean go leor anois

mar dúirt mé in sa tseanchas i roimhe bhí

caidreamh mór idir dhá thaobh

idir taobh Theillinn agus taobh Chonnachta in sa tsean-am,

agus bhí bádaí móra

eh, trí fiche tona bádaí móra seoil mar sin acu

ag ghnách leo tráchtáil mhór a dhéanamh idir an dá thaobh

agus ba ghnách leofa sin a ghabháil

eh de dheas de

measaim in amannaí le Gaillimh...

ach bhí an bád mór seoil seo in iarraidh amháin

thíos sílim gur i mBéal_an_Mhuirthead a bhí sí nó b'fhéidir níos faide ó dheas, ní thig liom a rá.

... Eh beirt deartháir a bhí uirthi

agus mac

de fear acu

ach bhí siad ag seoladh aníos an bháighe

agus thiar amach tharas <thiarais> [?]

...cá bith athrú a rinne, a tháinig ar an

ghaoth

...[chuir sé]

chuir sé thart an seol

agus bhí mac an fhir seo, an duine bocht, bhí sé ar

deic agus caitheadh amach san fharraige é.

... Bhuel xxx ba dhoiligh bád mór mar sin a thabhairt thart

go gasta agus bád beag a chuir amach le tarrtháil a thabhairt air

agus an rud a ba mheasa agus ba bhrónaigh den iomlán

sulár fhág an duine bocht Béal_an_Muirthead

[baineadh] baineadh an ghruaig de agus baineadh de é isteach go blaosc.

hmm

spk2

Chuaigh athair amach sa bhád bheag

agus thug sé iarraidh agus bhí sé ag gabháil go tóin poill

ach thug sé iarraidh greim gruaige a fháil air ach ní raibh an ghruaig ann agus chuaigh an duine bocht síos agus ní fhacas a chorp ó shoin, go ndéanaidh an <Rí> [?] grásta air,

...

Ansin, nach aon hionadh, nuair a tháinig an t-athair ar ais

sa bháid mhóir

eh chaill sé

a chiall, chuaigh sé as a stuaim, bhí sé,[le] le buaireadh

...is bhí sé chomh dona sin agus go mb'éigin don deartháir

eile á chuir síos na chábháin

agus an glas a chuir air thíos ansin.

Ach bhí sé seoladh aniar <is cóir ar bith> [?] ós coinne

na cruaiche,

Cruach Phádraig, agus bhí sé ina nós acu san am sin

i gcónaí ní raibh bád ar bith a seoil de chuid

Theilinn dá mbeadh ag seoladh síos nó aníos an bháighe,

nach n-ísealachadh siad píce an tseoil mhóir trí huaire le urraim don Naomh.

Bhí seisean ansin i mbun na stiúrthach agus gan fear ar bith

aige ar bord ach

é féin a dhéanfadh

seo, ach go lá a bháis

<mionnachadh> [?] sé agus é ag seoladh

aníos ós coinne Cruach_Pádraig

gur ísligh an tseol, píce an tseoil mhóir uaidh

é féin trí huaire,

By god

spk2

gan duine ar bith lámh a leagan air.