Ó dheas dúinn anois go Corca Dhuibhne, áit ar labhair mé le Seán Ó Criomthainn, údar Lá_Dár_Saol.
Nuair a bhuaigh an leabhar seo duais oireachtais,
Dúirt duine dos na moltóirí, Tomás Ó Floinn,
go mba shaothar luachmhar é
seo ach go háirithe toisc léargas ana-mhaith a bheith ar fáil ann ar gnéithe eile
den saol ar an mBlascaod
nach raibh léirithe ag an Oileánach.
Tá Lá_Dár_Saol foilsithe ag an nGúm anois,
agus tá sé ar liosta An Chlub Leabhar i mbliana.
Labhair mé leis an údar, agus d'fhiafraíos de ar dtús,
cén uair a scríobh sé é.
Ó, scríobhas anuraidh é, sea,
Agus is é an fáth a bhí leis,
go mbeadh a fhios ag na daoine cad a tharla don Bhlascaod, nó don Oileán Tíor.
Agus go gcífidís conas a theip sé, agus conas a chuaigh sé síos.
Eh an raibh tú ag féachaint air mar cineál l- leanúint don scéal a bhí ag t'athair mar a déarfá?
Ó ní rabhas ag leanúint aon bhlúire dhó [do] do m'athair.
Bhí a fhios agam cad a bhí déanta aga m'athair, agus an rud a bhí romhamsa le déanamh.
Ní raibh aon cór- na cúrsaí sin chuige, ná na gnóthaí sin ar m'athair, mara bhí an t-oileán <um ghabháil> [?] agus m'athair ag scríobh.
Sea, cé-
Ach nuair a bhíos ag scríobh, bhí a fhios agam go raibh an t-oileán imithe síos, [agus ná tio-], agus ná tiocadh sé aníos.
Eh, cén uair a thosaigh an t-oileán ag dul síos?
Á, thosnaigh an t-oileán ag dul síos timpeall ar deich mbliana fichead ó shin.
Cén fáth meas tú?
Ó an fáth na daoine óga, na daoine óga a bheith [ag] eh ag imeacht. Sea.
Sea.
Agus an áit go n-imíonn an gearrcach, ní- ní fhanann an t-ál, ní bhíonn sé ann.
Bhuel is dócha go raibh sé ag éirí dian ansan ar na daoine a bhí fágtha ann.
daoine a bhí fágtha ann.
Ó bhí.
Bhí sé ag éirí cruaidh go maith orthu. Agus áit is ea na Blascaodaí a gcaithfeadh do chabhair féin a bheith agat.
Bhuel, abair liom eh, tá a fhios agam go raibh uaigneas ag daoine ag fágáil an oileáin agus mar sin, ach an dóigh leat go raibh an ceart acu teacht isteach ar an mhórthír?
Ó déarfainn go raibh an ceart acu. Mar is agam féin a thá fhios é sin.
Dá bhfanfainn sna Blascaodaí an uair sin cá mbeinn inniubh?
Ca- cén t-am a tháinig tú isteach anso?
Ó thángas isteach i dtír sa míle naoi gcéad daichead a dó.
Sea, agus bhí daoine ann fós an t-am sin.
Ó bhí daoine im' dhiaidh ann. Bhí. Bhí, ach ní fada a bhí.
Sea. Agus eh, bhfuil talamh agat ann i gcónaí?
Uh, tá mo chuid talún fós ann.
Agus cad a dhéanann tú leis?
Ó tá sé ag as na comharsanaí anois. Tá sé ró-fhada ó bhaile uaim.
Mmhmm.
Tá.
An dtéann tú amach ansin in aon chor anois?
Ní chuas amach ansan anois le deich mbliana.
Sea.
Ach go dtugas na bráithre siar i mbád ann anuraidh nó arú anuraidh.
Cén fáth nár scríobh tú an leabhar roimhe seo? Cén fáth gur anuraidh a scríobh tú é?
Dhera, muise ní raibh aon tsuim agam sa léitheoireacht.
Sea.
Agus ansan fuaireas uh priocadh beag ó mhuintir Bhaile Átha Cliath gur cheart dom rud éigint a scríobh.
Cérbh iad?
Ó Éamonn agus [Paddy Paddy] Paddy <Malone>?
Tá a fhios agam.
[Éamonn Ó] Éamonn Ó hÓgáin má thá a leithéid ann an bhfuil?
Tá, sea.
[Sin é] Sin é a chuir chugam.
Bhuel, eh ar ndóigh is fada ó bhí tú ar scoil anois.
Ó hó!
Cén áit ar fhoghlaim tú an scríbhneoireacht?
Ó dh'fhoghlaimíos an scríbhneoireacht ar scoil na mBlascaodaí.
Ach ní bhífeá ag scríobh le tamall mhaith.
Na- ní rabhas ag scríobh go dtí go dtánag anso.
Mmhmm.
Ach do scríobhas a lán go dtí an t-iris sin Amárach.
Mmhmm.
Agus mura mbeadh Amárach, ní bheadh Lá_Dár_Saol againn.
Sea. Bhuel anois eh, an ndéanfá comparáid idir an saothar seo agus saothar t'athair, bhfuil aon chomparáid ann d'aon tsórt?
Ó, níl aon bhraon comparáid ann. Níl in aon chor.
Baineann sé le saol eile.
Baineann sé le, [le] <b'fhéidir>? seanaois a bhí [aga] aga m'athair, agus an meánaois nó an nua-aois a thá agamsa.
Sea. An cuimhin leat t'athair a bheith i mbun pinn?
Ó is cuimhin go maith. Ó mo léir!
Is mó clip a fuaireas uaidh, mar ní raibh an speileáilt aige m'athair ró-mhaith!
Aha.
Ach 'sé a dheineadh sé, an speileáilt ón bhfuaim, ó fhuaim an fhocail sin é an litriú a bhí aige.
Sea.
Ah yeah.
Agus eh, cérbh iad na daoine a bhíodh ag teacht chuige an t-am sin á spreagadh?
Ó, bhíodh an uh, Brian Ó Ceallaigh.
Mmhmm.
Sin é a thug an chéad spreagadh dhó.
Mmhmm.
'Sé. 'Sé Brian a chuir Tomás ar bhóthar na scríbhneoireachta.
Mm hmm.
'Sé.
Agus Flower ar ndóigh is dóigh? Robin Flower?
Bhí Marstrander a raibh ann a raibh an Flower aige, má chualaís trácht ar Mharstrander. An Lochlannach a thugaidíst air.
Mmhmm.
Bhí.
Ach eh, deirtear liom go raibh ar t'athair an scríbhneoireacht nó an li- an scríobh na GaolAinne a fhoghlaim nuair a bhí sé sách sean mar a déarfá?
Ó, bhí sé ana-ghairid do thrí fichid bliain nuair a dh'fhoghlaim sé í. Bhí muise am briathar.
Agus nach raibh ana-mhisneach aige a bheith ag tabhairt fé an t-am sin?
<An>? dóigh leat é ach bhí (bhí) an Béarla go líofa aige Tomás.
Tá a fhios agam.
Scríbhneoireacht agus léitheoireacht an Bhéarla aige.
Mmhmm.
Bhíosa ag dul ar scoil agus eh, na litreacha Gaolainne agamsa á scríobh a raibh xx ar m'athair cén rud iad. Bhí.
Tá a fhios agam. Bhí Gaolainn sa scoil [ar an] ar an oileán.
Bhí Gaolainn sa scoil ar an oileán, agus fé rialtas Shasana ab ea é sin!
Aha.
Sea b'shin é bliain a naoi déag a sé is a cúig a bhuachaill! Aha!
Sea, bhuel anois, tá go leor leor scríofa insa cheantar seo, agus tá cáil domhanda ach go háirithe bainte amach ag an leabhar a scríobh t'athair, An_t-Oileánach, eh, bhfuil saothair an cheantair seo léite agat, 'sé sin an raibh teacht ag muintir na háite ar na leabhair Ghaolainne a bhí á gcur amach anso, age eh abair Muiris Ó Súilleabháin?
Sea, ní fhéa- ní fhéadfainn faic a rá leat mar gheall ar sin.
Ní raibh... [Ní] ní bhíodh siad le fáil.
[Ní ní] ní déarfainn go raibh ... go raibh an áit seo... go raibh... gurb áit léitheoireachta in aon chor é - an ceantar timpeall ar Chorca Dhuibhne.
Ah!
Déarfainn narbh ea. 'Sé mo <mhóradh>? mo <mhóradh, amhras>? narbh aon áit mhór leabhartha a léamh é Corca Dhuibhne, ó Dhaingean aníos.
Mmhmm.
Agus is mó duine i gCorca Dhuibhne a déarfainn [nár léigh] nár léigh riamh An_t-Oileánach ná Fiche_Bliain_Ag_Fás ná Peig.
An ea?
Do dhéarfainn é mhuise.
Bhuel, cad mar gheall ar do leabhar fhéin, an dóigh leat go bhfuil cuid de mhuintir na háite... á léamh?
[Déarfainn] déarfainn anois, tá níos mó aithne ormsa anois san áit seo anois agus eh, timpeall na háite seo [ná] ná a bhí ar aon dream eile. Agus tá muintir na háite seo ag faire ar é a dh'fháilt anois, ag féachaint cá bhfaighidís é.
Sea.
Dhéarfainn gur mó a cheannódh ón dtaobh so é ná a cheannódh na leabhartha a tháinig roimist.
Tá a fhios agam. Ach an raibh na leabhair sin agatsa, ar léighis riamh iad?
Á léigheas gach aon cheann acu san.
Agus eh, cad mar gheall ar na scríbhneoirí ins na Gaeltachtaí eile, an raibh teacht agat orthu, nó ar léighis riamh iad?
Bhuel eh, léigheas an tAthair Peadar, mórán dá chuid saothar sin, agus léigheas Pádraig Ó Conaire. Ba mhaith liom é.
Na gearrscéalta?
Sea, na gearrscéalta. Agus do léigheas leabhartha le Máire, ' trócaire uirthi.
Sea.
Léigheas.
Eh, níor cheap tú go raibh na canúintí sin deacair?
Níor bhfuaireas aon trioblóid uathu. Níor bhfuaireas.
Cad mar gheall ar Mháirtín Ó Cadhain, ar léighis aon rud leis?
Bhuel bhí Cré_na_Cille agam á léamh, ach do léighfinn go maith é ach bhí sé ró-chr- ró-dheacair dom.
Bhí sé deacair?
Bhí sé ró-dheacair dom.
Bhí focail aige ná raibh i do chanúint fhéin is dócha?
Bhí, bhí, bhí, agus canúintí agus ráite aige fhéin, agus rud eile a tháid, níor bheir an scéal aon ghreim orm.
Sea.
Sea. Níor bheir.
Bhuel, ag breathnú ar eh, a bhfuil á scríobh i nGaolainn le cúpla scór bliain anuas, eh an dóigh leat gurb iad na leabhair Chorca Dhuibhne na cinn is fearr?
Ó, ní fhéad- ní fhéadfainn aon bhreith a thabhairt ar sin.
[Bhfuil] bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán ginearálta ins na leabhair Ghaolainne? An bhfuil siad go léir chomh leis na cinn atá á scríobh ag lucht Gaeltachta? Abair na daoine..
Á ní há- ní déarfainn go bhfuil.
Sea.
Ní dócha gur féidir aon... gur féidir d'aon scríbhneoir eh scríobh ach sa teanga dhúchais, pé [an teanga] an teanga dhúchais athá aige go b'shin é, b'shin í an teanga is fearr go rithfidh leis.