Agallamh ón ardchathair.
Inniu, Éamon Ó Maoláin,
garraíodóir, Árannach, agus Baile Átha Cliathach onórach.
A Éamon, fáilte romhat arís, an uair dheireanach a raibh mise ag caint leat bhí hiccup beag againn ach tá an deis arís againn buíochas le Dia agus ehm is deas tú a fheiscint isteach anseo.
em As Árainn duit ar dtús ach eh chaith tú ana-chuid ded' shaol istigh i lár na hardcathrach anseo, i bPáirc an Fhionnuisce, ach tiocfaimid chuig Páirc an Fhionnuisce.
eh Raibh aon páirceanna fionnuisce eh in Árainn ann nuair a bhí tusa ag fás?
Go deimhin ní raibh, a Chearbhaill.
Ná raibh.
Ní raibh, ní raibh, [ní]
ní bheadh tada is dóigh [go mbeadh] go bhféadfá a rá [go] go raibh an Pháirc an Fhionnuisce mórán chomh mór le Oileán Árainn.
Yeah.
Mar bhí, aon mhíle seacht gcéad seasca cúig acra sa bpáirc, agus píosa mór talún é sin.
Agus [raibh] raibh Inis Mór, raibh sé mór millteach nuair a bhí tú óg? B'in é an domhan, b'as
Cill Rónáin duit, b'in é an domhan iomlán.
Oh yeah yeah yeah
Bhí eh go deimhin, mar eh breathnú amach ar an mórthír, ag breathnú amach ar cuan na Gaillimhe agus ar eh Chonamara.
Bhí mé bhí mé ag smaoineamh go minic cén chaoi, cén sórt áit a bhí ann, an raibh sé mór nó an raibh sé beag nó cén chaoi a raibh sé.
is cad a cheap tú? cén cén tuairim a bhí agat de Chonamara agus ... agus an áit go bhféadfá a fheiscint ar feadh na mblianta gan a bheadh ann? eh, bhuel,
Bhí sé maith go leor eh breathnú amach ar Chonamara mar bhí bhí go leor muintir Chonamara ag teacht isteach an t-am sin ag tarraingt móin isteach agus bhí aithne mhaith againn orthub agus bhí an Ghaeilge acub agus bhí an Ghaeilge againn féin,
Ach taobh thiar dhó sin, bhí cineál faitíos ort ... cén chaoi a raibh an domhain, cé gur ndeachaigh eh buachaillí agus cailiní a bhí gabhail ag an scoil in éindí liomsa chuaigh siad anonn go Sasana agus chuaigh siad anonn go America, [mhmm] bhuel ní ndeachaigh mise chomh fada sin chuaigh mé suas go [Baile] Baile Áth Cliath.
Ach, roimhe sin, nuair a nuair a d'fhág mé an t-oileán, ar dtús, naoi déag caoga ceathair, sin í an chéad bhliain a d'fhág mé, chuaigh mé isteach ag eh coláiste talmhaíochta, sa gCreagáin i nGaillimh.
cé go raibh cúpla leaid [as Gaillimh] eh as eh Árainn in éindí liom agus as Conamara,
Bhí sé sin maith go leor mar bhímid in ann Gaeilge a labhairt [hmm] [idir xxx] eadrainn féin. Ach ní raibh mórán Bearla agamsa, an oiread a bhí acubsan
Agus ansin chuaigh mé uaidh sin go dtí an Albert_College, fuair mé scoláireacht as sin go dtí an Albert_College, bhí sé sin níos measa nuair a tháinig mé go Baile Áth Cliath.
Yeah, níorbh aon Gaeilge is dócha.
[ní raibh] Ní raibh Bearla agamsa agus ní raibh aon Ghaeilge thart ann.
Bhí sé deacair go maith ach b'éigean dhom an Bhéarla [a fhogal] a fhoghlaim.
Agus [bhí tú] eh bhí tú suite de chomh maith ag an dtráth sin gurb é an talmhaíochta an treo ...
B'ea, b'ea, mar coláiste an talmhaíochta a bhí sa gCreagáin ach ina dhiaidh sin féin [?] bhídís ag déanamh garraíodóireacht nó horticulture agus sin a chuaigh mise isteach
[& right] Ní raibh aon tsuim agamsa i mbeithí agus ainmhithe cosúil le muca ná tada mar sin, ní raibh aon tsuim agam iont, eh ...
An fásra seachas na neacha
'sé, sin é.
[Cad a] Cad a chuir féith na garraíodóireachta i do fhuil, bhfuil fhios agat?
Bhuel ... gabha dubh a bhí m'athair, agus [ní raibh ní] ní raibh seisean ag plé le garraíodóireacht, cé go raibh sé ag fás glasraí sa mbaile.
Ach nuair a d'fhág mé an scoil naisiúnta fuair mé isteach ag an gceardscoil.
Ní raibh sé ach théis oscailte ann ag an am, agus chuir mé suim mór i dtuatheolaíocht.
's is as sin a dfhás an rud faoi na garraíodóirí eh [mar] mar gheall ar an garraíodóir xxx ag fás rudaí as an tuatheolaíocht &*RNG_EOM:hmm,
agus eh as sin a chuaigh mé ansin ag plé leis an ngarraíodóireacht.
Luaigh tú go raibh [do] d'athair ag fás glasraí ach is dócha go raibh mórán teaghlaigh eh ...
Ag fás glasraí ...
Oh, bhí chuile dhuine ag an am sin.
Gnáth-rud a bhí ann?
Bhí, bhí.
Níl sé cosúil xxx eh [ní] níl siad á dhéanamh sin anois, tá mé á cheapadh.
Ach eh an t-am sin, bhí, [bhí siad ag fá- ] bhuel tá siad ag fás fataí fós ann agus turnapa agus rudaí mar sin ach bhí seisean ag fás agus chuile theach mar deir tú fás meacana bán agus meacana dearg agus oiniún agus rudaí mar sin.
Ní raibh ...
Cabáiste agus rudaí mar sin, ní raibh sé orainn iad a cheannacht.
Níorbh aon rud as an ngnáth é ...
ar chor ar bith, yeah, yeah.
[Níor] Níorbh ea, níorbh ea, níorbh ea.
Ach tá an saol athraithe anois.
Tá, agus tiocfaidh mé chuige sin ar ball. [Tá] Tá roth mór an tsaol saghas casta ar ais ...
agus tá go leor ...
xxx tá.
daoine ag caint anois ar ghlasraí a fhás acu féin ...
agus mar sin de.
Tá sé teacht ar ais aríst!
hmm, spéisiúil go leor.
Tá sé teacht ar ais aríst xxx.
Spéisiúil.
So@eng, eh conas d'éirigh leat i mBaile Átha Cliath ansin?
Cé go luann tú nach ndeachaigh tú [go] go Meiriceá ná go Sasana, ba ...
Bhí sé i bhfad [ón] ón taithí a bhí agat.
Ah, Bbhí sé i bhfad ...
Bhí sé, bhí, go deimhin, agus [bhí sé] bhí sé i bhfad i bhfad Éireann ó bheith do chónaí ag an oileán Árainn, leis an fharraige thart ort, istigh i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath gan ach an abhainn Life ag gabhail suas síos ann [& yeah] .
Ach eh b'éigean dhom cleachtadh a fháil air faoi dheireadh, [ní raibh] ní raibh aon obair sa mbaile.
Agus faoi dheireadh thiar thall thaitin an áit liom cé gur d'fhoghlaim mé beagáinín Béarla ansin agus bhí mé ag déanamh carthanachtaí [?] anseo agus ansiúd agus ...
as é nuair a bhí mé críochnaithe san Albert chuir mé isteach sa nGarraí Náisiúnta na Lus.
Alright, agus eh sin i nGlas Naíon, ab ea?
nGlas Naíon.
yeah.
Ar chuir tú aithne ar Árainnigh nó [gal- ] muintir na Gaillimhe ansan [a bhí] tar éis tamaill, a bhí cur futhu i mBaile Átha Cliath, eh b'fhéidir daoine a bhí ag obair in R_T_E fiú nó ...
gur chuir tú aithne ar aon duine a bhí baint acu ...
Níor chuir, níor chuir, níor chuir.
Ní raibh mórán plé xx agam leob, [ní] ní raibh mé ag gabháil go Chonradh na Gaeilge nó rudaí mar sin.
Tuigim.
Bhí ... beirt eh deirfiúr [as as] as Árainn, bhí siad ag múineadh i Scoil Lorcáin, [bhí aithne agam ac] bhí aithne agam orthub siúd.
Agus anois 's arís chasai- chasaidís sa gcathair orm iad agus bhí fear nó beirt fir a [bhí] bhí ag obair anseo i mBaile Átha Cliath, casadh orm corr uair iad.
mhm.
Ach ní go minic é.
Agus conas mar a réitigh tú [le] leis an bhfoireann i nGairdín na Lus, mar sin, ar chuir tú diaidh ar ndiaidh, ar chuir tú aithne orthu siúd, agus ... ?
Oh, chuir, chuir, agus [bhí leaid] bhí leaid as Conamara in éindí liom go ceann scaithimh [?] ach [níl fhios a'm céard a chua- ] chuaigh seisan anonn go Sasana, níl fhios a'm céard a tharla dhó ina dhiaidh sin.
mhm.
Bhí beagáinín níos mó Béarla agam ag an am agus bhí mé in ann @=gáire iad a thuiscint agus b'fhéidir nach raibh siadsan in ann mise a thuiscint go minic.
hmm.
ach eh ní hé sin sin!
Bhí mo dhóthain Béarla agam táim ag ceapadh [le] le cur ar aghaidh [& mhmm] agus eh ... nuair a bhí mé imithe [?] críochnaithe ansin, sin i naoi déag caoga hocht táim ag ceapadh nó deireadh caoga hocht nó caoga naoi, naoi déag caoga naoi a thosós mé sa bpáirc.
Yeah, thosaigh tú luath go maith ...
Thosaigh.
sa pháirc, yeah.
Yeah.
'sé an t-aon phost a bhí agam ariamh.
Right.
Cé is móite táim ag ceapadh trí mhí a chaith mé ar ais san Albert_College tar éis Garraí Náisiúnta na Lus a fhágáil.
Agus [conas] conas a gcuirfeá eh i ngleic a chéile nó an mbeadh codarsnacht mór agat idir Ghairdín na Lus agus ... Páirc an Fhionnuisce?
Bhuel, mar a thug siad fhéin air amenity horticulture a bhí ann.
Right.
Agus sin a bhí ag plé leis sa bpáirc.
O_K.
Eh ar an taobh eile dhon scéal commercial horticulture a bhí sa taobh eile eh [mbeifeá] ba ort [do] do nursery fhéin nó rud éigin mar sin a thosú cé nach raibh ariamh agamsa [& hmm] b'fhearr liom a bheith ag obair sa bpáirc nó in áiteachaí mar sin [& yeah] .
Agus eh bhí an pháirc spéisiúil
Now, luaigh tú gur sa gharraíodóireacht a bhí an suim agat, ach ar ndóigh, [raibh na f- ] raibh na fia, sa bpáirc, chomh maith raibh siadsan mar chuid
[den] den lá [?] ... tá sé 'sin le blianta.
oh, bhí, bhí, agus [bhí siad i bhfad] bhí siad i bhfad níos luaithe sa pháirc [?] ná bhí mise.right, right
Ah, bhíodh na fia ann agus [bhí bhí] bhí beithí istigh ag an am ann.
[Raibh feirm] Raibh feirn ag obair ann, ag an am?
Ní raibh, [& no] ach [an] an féir a bhí sa bpáirc, bhíodh sé le ligthe amach ag na feirmeoirí
Ah, alright.
Go ceann, níl fhios a'm, ocht nó [naoi mbliana] naoi mí sa mbliain, eh thugtaí isteach na beithígh thart ar eh mí na Márta nó Aibreán nó mar sin, thug siad amach ansin tús Meán Fhómhair iad
O_K.
Agus xxx. agus eh ... ní ribh mórán tráchta ag an am ann.
Ní dócha é.
ní raibh, ní raibh.agus ... nuair a thosaigh mise sa bpáirc, i dtosach, ní raibh ann ach, níl fhios a'm, tarraicheoir [% tarracóir] amháin .
agus carranna agus capaill a bhí siad a eh úsáid ansin, ceann scaitheamh.