Ehm, agus ehm bhí pointe beag eile ansin agam ar ball freisin,
eh
faoi ... na leadsaí óga an t-am sin, ní bhíodh mórán airgid acu.
Bhídís ag oibriú an-chleasanna ar a muintir faoi ...
Bhoil bhíodh fataí go leor curtha ag na daoine an t-am sin is bhíodh coirce go leor curtha acu, agus
ar ndóigh 'siad na daoiní óga is mó a dhéanadh an obair,
ach ní bhíodh an t-airgead acu, agus
nuair a bhíodh an coirce buailte agus cáite ar ndóigh, leaid ar bith
a mbeadh aon mhaith ann, bheadh cúpla céad coirce,
ghoideadh sé ón seanbhuachaill é an dtuigeann tú. B'fhéidir go mbeadh tonna coirce nó
chúig chéad déag, tonna, b'fhéidir chúig céad fhichead coirce i dteach an t-am sin.
Bhoil,
dhéanfadh sé réiteach le fear an tsiopa agus
dhéarfadh fear an tsiopa leis cúpla céad coirce a thabhairt aige is dóigh,
deich bpingin an chloch an t-am sin.
Níos saoire ná a gheobhadh sé in aon áit eile é.
Níos saoire ná a gheobhadh sé in aon áit eile é.
Agus bhí seanasal againn féin agus ar ndóigh
bhí sé socair a dtugaidís an Graimpeard air agus tharraing sé
níos mó coirce goidte tá mé a cheapadh ná a tharraing aon asal eile a bhí in Éirinn ariamh,
bhíodh sé ag imeacht ag achuile dhuine ag tarraingt ar an mbaile.
Bhíodh mar bhíodh an coirce ag tíocht agaibhse.
Ní hea,
thugaidís leo é,
Hea
thugaidís amach an bóthar é agus
amach ag an Máilleach agus
ag na siopadóirí thart mar sin, agus
deabhal deis a bhí acu aon phingin eile
airgid a shaothrú.
Óh ní raibh.
Ní raibh dole ...
Cupla,
Ní raibh.
Ní raibh.
chúpla ubh le haghaidh píosa tobac
Bhoil go minic.
D'airínn m'athair
...
D'airínn m'athair ag caint faoi rud éigin faoi leathunsa tobac.
Níl a fhios agamsa cé méad pingin a bhí air,
is dóigh siar ar an tsráid a ceannadh áit éigin é,
Óh is dóigh é.
is iad ag dul ar an bportach le chúpla ubh, chúpla ubh.
Bhí sé ar thrí pingine scaitheamh, trí pingine an t-unsa a thugaidís air.
Chúpla ubh ghoidte ar aon nós a cheannaigh é.
Agus bhíodh tobac fadó
dhá dhíol sna siopaí a thugaidís an twist air,
rolla mór millteach,
ní fhaca sibhse é agus ...
Ní fhaca.
Ní hé an twist atá thart anois é.
'Sén chaoi a meádh fear an tsiopa fadó an t-unsa
trí pingine a chaitheamh isteach taobh den scála, agus
a mheáchan tobac a chaitheamh sa taobh eile,
Féaráilte go maith.
agus thugadh sé meáchan na trí pingine de tobac dhóibh air.
Óh 'sea.
Pé ar bith cé ... trí pingine de mheách...
Dhá mbeadh trí pingine nua agat gheofá unsa maith tobac
adeir siad mar bheidís níos mó ná unsa meáchain an dtuigeann tú,
Sea
trí pingine nua nach mbeadh caite an dtuigeann tú.
Ach dhá mbeadh trí pingine caite ansin ...
Ah bhoil 'chuile sheans go mbeifeá beagáinín siar san unsa
Sea
is d'fhágfadh sin nach mbeadh agat ach unsa beag.
Bhoil 'sén chaoi a ghearradar a dúirt sé
leathunsa tobac le sleán ag dul ar an bportach,
cheithre phíosa a dhéanamh arís de leathunsa tobac.
Cheithre cheathrú a dhéanamh dhó.
Hea
Sea.
Agus ní mórán a shílfeá de dhiúl a bheadh acu air sin, dhá changailt.
Ach rud eile faoin dream óg an t-am sin,
agus bhí sé fíor fúthu uilig,
ní chaithidís tobac,
nó ní changlóidís é os comhair a muintire.
Óh ní chaitheadh.
D'airigh mé m'athair ag rá,
tá sé sách mór inniu, d'airigh mé ag rá é,
"Bhoil bhí mé chomh mór" a d'úirt sé "agus atá mé inniu."
Is bhí sé pósta ag an am,
[bhí] ní- níor chaith sé aon ghráinne tobac os comhair a athair ariamh.
Níor chaith ná go leor daoine, fir nach é,
Agus bhfuil fhios agat
ní chaithidís os comhair a n-a...
bhoil go leor leor chaithidís os comhair a máthair é ach ...
Ach ní chaithidís os
comhair a n-athair.
Ní chaitheadh.