spk1

Breandán Ó hEithir, iriseoir, fear díolta leabhar, iascaire, craoltóir raidió is teilifíse, eagarthóir irise, Árannach, úrscéalaí.

spk1

Breandán, eh, i bhFéile drámaíochta Bhaile Átha Cliath na bliana seo, b'é leagan stáitse dhe do úrscéal Lig_Sinn_i_gCathú dá léiriú.

Bhí an t-úrscéal féin ina ábhar cainte mór nuair a tháinig sé amach i naoi déag

seachtó sé agus nuair a foilsíodh leagan béarla dó

dhá bhliain dár gcionn

agus craoladh leagan raidió dó freisin, dhá leagan b'fhéidir.

Eh, ag féachaint siar ar an scéal,

do bharúil,

tuige an aird mhór a tugadh ar Lig_Sinn_i_gCathú, go h-áirithe,

nuair a chuimhnítear ar an laghad suntais is a tugtar dho fhormhór na leabhra Gaeilge a thaganns amach?

spk2

Bhuel,

@=casacht

sílim [gur] gurb éard a tharla ná

díreach gur thaitin sé leis an ngnáth-phobal agus gur cheannaítear é.

Sílim, bhfuil a fhios agat, go bhfuil sé chomh simplí sin, dháiríre.

Eh,

[ní níor] níor chuir sé

aon iontas mór orm féin go raibh,

mar a déarfá, [gur] [go raibh]

go raibh an oiread sin airde ag an bpobal féin air,

mar, eh,

bhraitheas i gcónaí

[dhá]

dhá dtiocfadh si- leabhar éicint amach,

a thaitneodh leis an bpobal, go cheannódh an pobal é.

Anois, níor scríobh mise an leabhar le go dtaithneodh sé leis an bpobal, scríobh mé leabhar [mar]

mar gur theastaigh uaim an leabhar a scríobh.

Ach, em,

sílim gurb in é a tharraing aird air, [gurb é]

gurb é an chéad [leabhar eh]

leabhar Gaeilge, mar a déarfá, go raibh rachairt mhór air i measc an phobail,

agus gur thug na foilsitheoirí amach,

thugadar amach leagan bog

eh ar phraghas an-íseal.

Eh

go gairid thar éis dhon leagan cruaidh a theacht amach.

Thapaíodar [an] an margadh a bhí ann,

sílim gu- gurb in é an fáth é,

dháiríre.

spk1

Bhuel, cá mbeidh an dráma ar siúl,

spk1 spk2

dráma Lig_Sinn_i_gCathú?

'Sé

spk2

Mac Dara Ó Fatharta

spk2 spk1

as Inis Meáin atá ina aisteoir in san Amharclann na Mainistreach.

Árannach eile.

spk2

Árannach eile, eh,

a chóirigh an stáitse,

agus beidh sé ar siúl sa bPéacóg le linn

na seachtaine deireanach i mí Meán Fhómhair

le linn na féile.

Eh,

rinneadh

cóiriú

eh stáitse chéanna

sa Taidhbhearc i nGaillimh.

Eh,

níor éirigh ró-mhaith leis,

tá súil agam go n-éireoidh níos fearr le leagan Mhac Dara.

spk1

Togha.

Téimis siar a Bhreandán.

Do mhuintir, do chúlra féin.

spk2

Bhuel, ba as Árainn mo mháthair. Bhí muintir sise in Árainn le

muintir a h-athair is dóichí in Árainn [ó]

[ó] ón séú céad déag,

ón seachtú céad déag ar aon nós.

Agus muintir a máthair,

bhí siad ann ón lár an naoú céad déag.

B'as an taobh ó thuaidh dh'Éirinn a tháinig siad sin.

M'athair,

ba as iarthar Chontae an Chlár é

agus eh

múinteoirí scoile

ba ea an bheirt acu, tháinig m'athair

ag múineadh scoile go hÁrainn ar nós a lán nach é mar gheall ar chúrsaí polaitíochta.

Ní bhfaigheadh sé scoil

i ndeoise Chill Dalua mar gheall ar

a dheartháir a bheith san IRA@L,

agus go ndearna sé < mioscais éicint> [?] [ar] ar mhuintir an easpaig a bhí ann san am.

Agus comhairlíodh go maith air dhul amach go hÁrainn agus

scoil a fháil agus fanacht mar go raibh an t-easpaig go an-tsean agus nach bhféadfadh sé maireachtáil go deo.

Mar a tharla mhair an t-easpaig <go raibh> [?] sé ós cionn céad bliain,

[bhí mise]

[nuair a bhá-] nuair a cailleadh an t-easpag, bhí mise chomh sean is a bhí m'athair nuair a chuaigh sé go hÁrainn.

Ó bheadh sé fánach aige <a bheith ag> [?] fanacht thart. Faoin am sin bhí sé pósta agus

d'fhán sé ann agus sórt

mar a déarfá is mó dho Árainneach m'athair ar bhealach ná

mé féin, mar a déarfá, ar bhealach.

spk1

Téann sé siar fós?

spk2

Téann sé siar chomh minic agus is féidir leis.

spk1

Bhuel anois a Bhreandán, bíonn tú féin in Árainn féiltiúl go leor feictear dhom agus tuigeann tú saol Inis Mór an lae inniubh.

Cé mar

atá an saol sin

i gcómórtas leis an saol a bhí ann nuair a bhí tú i do bhuachaill óg ar an oileán?

spk2

Ar bhealach amháin níl comparáid ar bith ann

mar is saol nua uilig é.

Eh, níl comparáid ar bith ann, tá pobal mór

daoine óga ar an oileán anois,

eh,

atá ag gabháil i méid,

eh,

go rialta.

Tá neart oibre ann,

eh, tá

an áit ar fad athraithe,

bhuel,

tá xxx na h-áite athraithe, d'fhéadfá rá, tithe nua,

tá aibhléis ann, gluaisteáin, rudaí mar sin.

Ach an rud is tábhachtaí ar fad, tá an pobal seo ann, pobal óg.

Nuair a bhí mise ag fás suas,

bhí an pobal ag imeacht, ba í [an]

is dóigh Céibh Chill Rónáin ceann de na h-áiteachaí ba uaigní

ar an domhan,

d'fhéadfá rá,

daoine,

athrachaí agus máithreacha ag gabháil síos agus iad ag caoineadh

a gclainne a bhí ag imeacht leo go Meiriceá, agus xxx sin xxx gabháil go Meiriceá

agus ghabháil,

d'fhéadfá rá, imeacht ar feadh do shaoil mar ní raibh sé éasca [thíocht]

thíocht abhaile.

Mo rang féin, an rang a ndeachaigh mise thrí Scoil Chill Rónán leo, níor fhan in Éirinn ach,

tá mé ag cheapadh as an rang ar fad nár fhan in Éirinn ach triúr.

Mé féin,

buachaill eile,

Páraic Ó Gadhra, a bhfuil siopa aige ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh,

agus cailín,

a d'fhan,

eh,

eh ar an oileán, atá pósta ar an oileán.

'Sin an méid, d'imigh an chuid eile uilig

spk2 spk1

go bhformhór go Sasana xxx.

Is ise amháin atá ar an oileán fós?

spk2

Ah sea, as an rang áirid sin.

As [an rang] eh an séú rang mar a déarfá a chríochnaigh scoil [i] le mo linn-sa.

spk1

[Céard] céard a thug athrú ar an saol?

spk2

Eh an rud a thug athrú ar an saol - an t-iascach.

spk2

Eh chuidigh rudaí eile, chuidigh eh

turasóireacht, tá monarchana anois ann atá ag cuidiú go mór le daoine óga,

go speisialta cailíní a choinneáil ar an oileán.

Táim ag caint anois ar Inis Mór [go] go speisialta.

Ach b'é an t-iascach a rinne [an] an t-athrú

Eh ch- ch- chuaigh

muintir an oileáin,

buachaillí

óga, chuaigh siad ag iascach anonn go Milford Haven

i Sasana.

Tháinig

cuid acu abhaile, bhí siad ag iascach

le dreamannaí éagsúil sa mbaile agus ansin [fuair]

fuair fear óg as Cill Éinne

Páraic Ó Dónaill, Pat Joe, Phaddy Mór,

fuair sé

bád i dtús na gcaogaidí,

agus ina dhiaidh sin

fuair Tomás Seoighe as Cill Rónán bád agus ina dhiaidh sin fuair

xxx Máirtín <Chóil> [?] Pheaitín a fuair bád

ina dhiaidh sin agus ina dhiadh sin tháinig ná báid tiubh.

Agus ansin

ba é cuspóir

fear óga,

bhuel formhór [na] na bhfear óga ar an oileán

a dhul ag iascach

agus ar ndóigh

bád chugat féin a bheith acu.